Ciste Beag Féilte Pobail
Festivals Micro Fund 2026
Ag tógaint ar an méid atá bainte amach go dtí seo sa cheantar, tá Cumas Ceantar Uíbh Ráthach ana shásta An Ciste Beag Féilte Pobail 2026 a fhógairt. Tá an ciste beag seo dírithe ar tacaíocht a thabhairt do lucht eagraithe féilte sa cheantar, agus iad ag obair i dtreo imeachtaí ealaíona, cultúrtha agus cruthaitheacha a lárú sa chlár.
Táimid ag súil go mbeidh rath ar na féilte áitiúla trí rannpháirtíocht an phobail a mhéadú, trí tacú le saothar ealaíontóirí agus lucht cruthaithe, agus tri deiseanna a thapú an pobal áitiúil chothú agus a neartú tríd na healaín. Fáilteofar ach go háirithe roimh iarratais ina mbíonn teanga na Gaeilge, seanchas áitiúil agus an mórtas pobail ag croí lár na féile.
Príomh Spriocanna an Chiste seo
Tacaíonn an ciste seo le féilte in Uíbh Ráthach atá pobal bhunaithe, le cur lena gclár ealaíona agus le forbairt a dhéanamh ar imeachtaí ealaíona nua. Tabharfar tús áite do thograí ina mbíonn na heilimeinti seo a leanas lárnach iontu:
● Teanga na Gaeilge
● Oidhreacht agus stair áitiúil
● Ealaíontóiri agus oibrithe cultúrtha áitiúla
● Rochtain agus rannpháirtíocht an phobail a mhéadú
● Deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga, daoine níos sinne agus grúpaí idir-ghlúine
● Mortas pobail agus brod sa cheantar a chothú agus a neartú
● Go mbeidh oidhreacht fada, shaibhir ag an féile i measc an phobail
Tacóidh an ciste seo le tograí cruthaitheacha nó tograí i nGaeilge atá mar chuid do fheile pobail, nil sé i gceist go mbeadh costas reatha na féile á chlúdach ag an gciste seo. Cuirfear deontais ar fáil ó €250 go uasmhéid €2,000.
Beidh dhá sciar íocaíochta i gceist: 50% ag tús an togra agus 50% ag an críoch. Beidh tuairisc scríofa de dhíth ag deireadh an togra. D’fhéadfadh go mbeidh an leasaithe le deanamh ar an gclár íocaíochta I gcásanna eisceachtúila.
Beidh ar iarratasóirí ráthúla tuairisc a sholáthar ag deireadh an tréimhse. Cabhraíonn sé seo linn tionchar an chiste a thaifeadadh agus tuairisciú a dhéanamh dár bpáirtithe leasmhara féin. Fáiltímid roimh chuireadh chun freastal ar imeachtaí a fhaigheann maoiniú.
D’fhéadfaí iarraidh ar ghrúpaí an doiciméadú a roinnt linn, ábhar ar nós grianghraif, gearrthóga físe agus ábhar poiblíochta. Cinntígí, le bhur dtoil, go bhfuil cead tugtha ag daoine atá le feiscint sna hábhair seo, iad a roinnt agus a úsáid. Sa chás go mbíonn gníomhaíochtaí á gcur chun cinn ar líne, iarraimid freisin go ndéanfaí Cumas Ceantar a chlibeáil i bpoist ar na meáin shóisialta.
Cé tá incháilithe chun iarratas a dhéanamh?
Fáiltíonn an ciste seo roimh iarratais ó Féilte pobail, choistí féilte, lucht eagraithe féilte, agus do ghrúpaí cruthaitheacha atá ina gcónaí nó ag obair laistigh de cheantar Na Cealla go Cuan an Chaisleáin. Is féidir le cleachtóirí cultúrtha iarratas a dhéanamh má tá siad ag obair i gcomhpháirtíocht le féile áitiúil.
Sa chás go bhfuil cleachtóir cultúrtha nó grúpa cruthaitheach ag déanamh iarratais chun gníomhaíocht a chur i bhfeidhm mar chuid de fhéile, ní mór dóibh a dheimhniú go bhfuil an ghníomhaíocht ceadaithe ag an eagraí féile ábhartha nó ag coiste na féile sin. Ba chóir go léireodh an t-iarratas go soiléir cé uaidh atá an t-iarratais ag teacht, cé hiad na comhpháirtithe ar an bhféile áitiúil, agus cé leis a íocfar an deontas má éiríonn leis an iarratas.
Ní mór do gach imeacht tarlú in Uíbh Ráthach agus tairbhe shoiléir a thabhairt don phobal áitiúil. Tá fáilte roimh iarratais ó gach saghas féile, bíodh siad beag agus ag teacht chun cinn, nó ina mór ócáidí seanbhunaithe atá ag iarraidh rud nua a thriail.
Cuirimid fáilte ar leith roimh thionscadail a chuireann an Ghaeilge chun cinn trí phoiblíocht dhátheangach, imeachtaí, scéalaíocht, ceol, nó ceardlanna a spreagann an pobal chun taitneamh a bhaint as an teanga i dtimpeallacht fháilteach.
Cé leis a Thacaíonn an Ciste seo?
Seo sampla thíos don réimse imeachtaí lena dtacaíonn an chiste seo.
● Imeachtai lán Ghaeilge agus dhá theangach mar chuid d’fhéile ● Ceardlann sna healaín áitiúil nó stairiúil
● Mórshiúil, paráid, imeachtaí don bpobal faoin aer lena náirítear ceol, rince, amharclann, scéalaíocht, filíocht
● Taispeántas fís ealaíne
● Togra faoi stiúir ag an aos og
● Togra idir-ghlúine
● Táillí ealaiontóra
● Trealamh agus ábhar a bhaineann leis an imeacht cultúrtha
● Áisitheóireacht chruthaitheach, meantóireacht, tacaíochtaí straitéiseacha ● Imeachtai a neartaíonn mórtas pobail
Bi ardallach: Ní chlúdaíonn an ciste seo costaisí reatha na féile. Ni foláir don iarrtasóir bheidh cruinn maidir leis an togra sonrach a bhainn leis an iarratas, lastaigh do chlár iomlán na féile
Conas iarratas a dhéanamh:
● Léigh an fhoirm iarratais agus na treoirlínte go cúramach
● Dein forbairt ar an smaoineamh, agus bí soiléir ar na tacaíochtai atá de dhíth chun é a chur i gcrích
● Bí cinnte go léireofar tairbhe don bpobal
● Mínigh conas mar a bheidh teanga na Gaeilge in úsáid
● Cuir litir thacaíochtra ghearr ón bhféile san áireamh
● Seol an fhoirm iarratais go ealaín@comhchoiste.ie
Is é an spriocdháta don ciste seo ná 5.00in Dé hAoine, 3 Lúil 2026. Ni glacfar le h-iarratais taréis an dáta sin.
Measunú agus Scóráil
Déanfaidh painéal measúnú ar na hiarratais. Beidh ionadaithe ó Creative Places Iveragh agus ó earnálacha áitiúla na n-ealaíon agus an phobail ar an bpainéal. Breathnóidh an painéal ar an iarratas scríofa agus ar chomhthéacs pobail níos leithne an iarratais.
Chun tacú leis an oiread tograí agus is féidir, d’fhéadfadh an painéal páirt-mhaoiniú a thairiscint mura meastar go bhfuil an méid iomlán a iarradh ag teacht le le scála na gníomhaíochta, nó sa chás go raibh gá an buiséad a roinnt idir meid áirithe iarratas.
Scórálfar na hiarratais de réir na gcritéar seo a leanas:
Cuimsiú na Gaeilge nó oidhreacht áitiúil 20 pointe
Tairbhe agus rannpháirtíocht an phobail 20 pointe
Sárchaighdeán chruthaitheach nó chultúrtha 15 pointe
Buiséad soiléir agus comhréireach 15 pointe
Indéantacht an togra 15 pointe
Oidhreacht fhéideartha agus tairbhe fadtéarmach 15 pointe
Iomlán: 100 pointe
Tar éis na Gníomhaíochta
Beidh ar iarratasóirí rathúla tuairisc ghearr a chur isteach nuair a bheidh an ghníomhaíocht críochnaithe. Cabhróidh sé seo linn tionchar an chiste a thaifeadadh agus tuairisciú dár bpáirtithe leasmhara féin.
D’fhéadfaí iarraidh ar ghrúpaí doiciméadú a roinnt linn, mar shampla grianghraif, gearrthóga físe agus ábhar poiblíochta. Cinntigh, le bhur dtoil, go bhfuil cead tugtha ag daoine atá le feiceáil sna hábhair seo iad a roinnt agus a úsáid.
Sa chás go mbíonn gníomhaíochtaí á gcur chun cinn ar líne, iarraimid freisin go gclibfear Cumas Ceantar i bpoist ar na meáin shóisialta, ionas gur féidir linn an ghníomhaíocht a roinnt, a chur chun cinn agus a cheiliúradh.
Iarrfar ar iarratasóirí rathúla tacaíocht Chumas Ceantar Uíbh Ráthaigh a admháil in aon phoiblíocht ábhartha, póstaeir, cláir, preasráitis, suíomhanna gréasáin agus poist ar na meáin shóisialta a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoinithe. Ba cheart lógó Chumas Ceantar Uíbh Ráthaigh a chur san áireamh nuair is féidir.
Ní mór do gach gníomhaíocht mhaoinithe tarlú agus a bheith curtha i gcrích faoin 31 Márta 2027.
Má tá aon cheisteanna agaibh, déan teagmháil linn ag ealain@comhchoiste.ie
Guidelines
Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh / Creative Places Iveragh
Cumas Ceantar Uíbh Rathaigh/ Creative Places Iveragh is pleased to launch Ciste Beag Féilte Pobail 2026, a micro fund to support community festivals across Uíbh Ráthach.
This fund is designed to support local community festivals organisers in the area, to develop a specific creative, cultural, artistic or Irish language activity within their local festival event programme.
Our goal is to help local festivals flourish by strengthening community participation, supporting local artists and creative practitioners, and creating meaningful opportunities for people to connect through the arts. We particularly welcome applications that place the Irish language, local heritage and community pride and connection at the heart of their festival or event.
Fund Priorities
● Foreground the Irish language
● Foreground local heritage
● Involve local artists, creatives or cultural practitioners
● Increase community participation and inclusion
● Create opportunities for young people, older people or intergenerational groups
● Build local pride, connection and sense of place
● Leave a positive legacy for the festival or wider community
Projects do not need to meet every priority, but applicants should clearly show how their proposal connects with the aims of Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh/Creative Places Iveragh.
What This Fund Is For
Please note that this fund is intended to support specific creative, cultural, artistic or Irish-language activities within a community festival event rather than covering the general running costs.
Grants range from a minimum of €250 to a maximum of €2,000. Funding is limited and applications will be assessed through a competitive selection process. Applications may be funded in full, part-funded, or not funded.
The award will be paid in two parts: 50% at the beginning and 50% upon completion. A report form will be required at the conclusion of the project. Exceptions to the payment schedule may be made at the discretion of the panel, depending on the nature of the project.
Eligibility: Who Can Apply
This fund is open to community festivals, festival committees, festival, and creative groups living or working within the Kells to Castlecove catchment area. Cultural practitioners may apply if they are working in direct partnership with a local festival..
Where a cultural practitioner or creative group is applying to deliver an activity as part of a festival or a community event, they must confirm that the activity has been agreed with the relevant festival organiser or committee. The application should clearly state who is applying, who the local festival or community event partner is, and who the grant will be paid to if successful.
All activities must take place in Uíbh Ráthach and provide a clear benefit to the local community. We encourage applications from all festivals, whether they are small and emerging or long-established events looking to try something new.
All funded activities must take place and be completed by 31 March 2027.
What We Support
The fund can be used for various activities, including but not limited to:
● An Irish-language or bilingual event as part of a festival programme ● A local arts or heritage workshop
● A community parade or creative street activity, music, dance, theatre, storytelling or spoken word
● A visual arts project or exhibition
● A youth-led festival project
● An intergenerational creative activity
● Artist or creative practitioner fee
● Materials or equipment directly needed for a creative activity
● Creative facilitation, mentoring or planning support
● Festival activity that strengthens community connection and pride
Please note: The fund only supports costs directly related to the proposed creative or cultural activity. It does not cover general operational costs. Applicants must be clear about the specific project or activity they are applying for within the wider festival programme.
How to Apply
To submit your application, please follow these steps:
● Read the application form and guidelines carefully.
● Consider your festival / event idea and what support you need to realise or develop it.
● Make sure your proposal clearly shows the community benefit. ● Explain how the Irish language will be included, where relevant.
● letter of support.
● Complete the application form.
Send completed applications to: ealain@comhchoiste.ie
The deadline for submission is 5:00 PM on Friday 3rd July 2026. Applications received after this time cannot be considered.
Selection and Scoring
Applications will be evaluated by a panel including representatives from Creative Places, the local arts and community sectors. The panel will consider both the written application and the wider community context of the proposal.
To support as many communities as possible, the panel may decide to offer partial funding where the full amount requested is not considered proportionate to the scale of the activity, or where the available budget needs to be shared across a number of applications.
Applications will be scored based on the following criteria (100 points total):
● Inclusion of Irish language or local heritage (20 points)
● Community benefit and participation (20 points)
● Creative or cultural quality (15 points)
● Clear and proportionate budget (15 points)
● Feasibility of the proposal (15 points)
● Potential legacy and long-term benefit (15 points)
Total: 100 points
After the Activity
Successful applicants will be required to submit a short report upon completion. This helps us record the fund's impact and report to our own stakeholders. We also welcome invitations to attend funded activities to celebrate the creativity happening across Uíbh Ráthach.
Groups may be asked to share documentation such as photos, video clips, and publicity materials. Please ensure that individuals visible in these materials have granted permission for their use in reporting and promotion.
Where activities are promoted online, we also ask that Cumas Ceantar is tagged in social media posts so that we can help share, promote and celebrate the activity across Iveragh
Successful applicants will be asked to acknowledge the support of Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh in any relevant publicity, posters, programmes, press releases, websites and social media posts relating to the funded activity.The Cumas Ceantar Uíbh Ráthaigh logo should be included where possible.
Further Information
If you have any questions, please reach out to us at: ealain@comhchoiste.ie