Tá an leathanach seo dátheangach.

Both Irish & English are available on this page.

GAEILGE

Ciste Beag Ealaíon Pobail 2026

Ag tógaint ar an rath a bhí ar an gCiste Beag Ealaíona go dtí seo, tá Cumas Ceantar Uíbh Rathaigh thar a bheith sásta glaoch a oscailt ar Chiste Beag Ealaíona 2026. Tacóidh an togra seo le breis deiseanna a chruthú do lucht ealaíne, do ghrúpaí pobail agus do dhaoine cruthaitheacha aonair, a gcuid smaointe a fhás, tionscadail ealaíne a fhorbairt, agus tograí spleodracha nua a shamhlú a thacóidh le cultúr ealaíne atá tacúil, saibhir agus inmharthana a chothú i measc mhuintir Uíbh Ráthaigh.

Cumas Ceantar/Creative Places Ciste Beag Ealaíona 2026

Tacóidh an Ciste Beag le tograí ealaíne pobal bhunaithe atá nuálaíoch, cruthaitheach, ealaíonta agus cultúrtha agus a chothaíonn ceangal agus deiseanna rannpháirtíochta do mhuintir Uíbh Ráthaigh lena chéile agus lena gceantar.
Tá an ciste seo oscailte anois, agus suim iomlán €20,000 ar fáil. Is féidir iarratais a dhéanamh ar íosmhéid €250 agus uasmhéid €2,000, ag brath ar do riachtanais agus ar do spriocanna don obair. Tá sé de cheart againn maoiniú a dhiúltú mura n-oireann iarratais dár gcritéir.

Beidh dhá sciar íocaíochta i gceist: 50% ag tús an togra agus 50% ag an críoch. Beidh tuairisc scríofa de dhíth ag deireadh an togra. D’fhéadfadh go mbeidh an leasaithe le deanamh ar an gclár íocaíochta I gcásanna eisceachtúila. 

Is é an 27ú Feabhra an spriocdháta le haghaidh iarratais ar an gCiste Beag Ealaíon.

Cé dó é?

I 2026 , cuirimid fáilte ar leith roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair le grúpaí pobail chun imeachtaí ealaíon a mhéadú, deiseanna chomhroinnte a chothú, agus rannpháirtíocht spleodrach a chruthú i measc an phobail. Is féidir leis an gciste seo tacú le tionscadail atá ann cheana fhéin agus atá ullamh anois don chéad chéim eile, nó is féidir cabhair a thabhairt do ghrúpa pobail rud éigin nua a thosú in éineacht le ealaíontoir — imeacht beag, ceardlann, nó gníomhaíocht chruthaitheach.Is féidir deiseanna comhoibrithe le healaíontóir nó le cleachtóir cruthaitheach a éascú, saineolas seachtrach nó meantóireacht a éileamh, agus ábhair nó trealamh riachtanach a cheannach. Is cuma an togra nua nó seanabhunaithe atá i gceist, is fiú d’iarratas a leagan amach go soiléir ag míniu conas mar a chabhróidh an ciste seo leat do thogra a fhorbairt, a chothú, agus a leathnú.

Nil sé riachtanach go mbeidh grúpa pobail ceangailte le gach iarratas, ach tabharfad tús áite do iarratais ina bhful grúpa pobail luaite. Sa chás go bhfuil grúpa pobal luaite in iarratas ní foláir léiriú spéise agus sonrai teagmhála an ghrupa a sholáthar. 

Cuirfear Fáilte roimh iarratais ós an daoine/grúpaí seo a leanas: ealaiontoirí, gníomhaithe ealaíona, grúpaí pobail agus soisialta atá lonnaithe idir Na Cealla agus An Cuan an Chaisleáin i gCiarrai Theas.

Cuirtear fáilte faoi leith roimh tograí a chuireann teanga na Gaeilge chun cinn in Uíbh Ráthach.

  • Grúpaí pobail agus eagraíochtaí deonacha atá ag eagrú imeachtaí cultúrtha nó ealaíne pobail in Uíbh Ráthach

  • Lucht eagraithe ealaíon atá ag lorg tacaíocht le táillí na n-ealaíontóirí nó le hábhair a fháil d’imeacht

  • Imeachtaí nua nó seanbhunaithe a bhfuil fócas acu ar rannpháirtíocht phobail tríd na healaíona

  • Tugtar tosaíocht do thograí ina gcuirtear an Ghaeilge chun tosaigh

Tabhair faoi deara: Ní hé sprioc an chiste seo maoiniú a thabhairt do fhéilte nó tionscadail móra nua a sheoladh, ach beimid sásta labhairt le daoine faoi smaointe nua agus cabhrú leo iad a fhorbairt.

Conas iarratas a dhéanamh:

  1. Léigh an fhoirm iarratais agus na treoirlínte go cúramach ag https//:www.cumasceantarur.ie

  2. Déan machnamh ar do thogra agus ar a bhfuil le teastáil chun é a fhorbairt

  3. Déan teagmháil le  Niamh Ní Shé ag ealain@comhchoiste.ie má tá ceist agat

  4. Líon an fhoirm iarratais go hiomlán

  5. Seol an fhoirm roimh 5in, Dé hAoine 27ú Feabhra 2026 chuig ealain@comhchoiste.ie

Is é 5in an 27ú Feabhra an spriocdháta le haghaidh iarratais ar an gCiste Beag Ealaíon. Ni glacfar le hiarratas tar éis an sprioc seo.

Próisis Roghnúcháin

Beidh measúnú á ndéanamh ar na hiarratais ag painéal ar a mbeidh ionadaithe ó Cumas Ceantar agus ó airneán ghairmiúil na nealaion chom hmaith le hionadaí áitiúil.

Cumas Ceantar Uíbh Ráthach – Léargas ar an dtogra

Tá stádas Cumas Ceantar bronnta ag an gComhairle Ealaíon ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus ar an gceantar máguaird. Tá clár forbartha trí bliana d’ealaín phobalbhunaithe tosaithe i mí Eanáir 2024 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí mí Eanáir 2027. I gcaitheamh na tréimhse seo, beimid ag obair le healaíontóirí agus pobail áitiúla chun cultúr ealaíne atá tacúil, saibhir agus inmharthana a chothú i measc mhuintir Uíbh Ráthaigh.

In 2023, i rith tréimhse Taighde agus Forbartha Cumas Ceantair, d’osclaiodh an céad Ciste Beag Ealaíona chun deiseanna a chruthú do dhaoine áitiúla le smaointe nua a fhorbairt agus tionscadail chruthaitheacha a chur ar mhaithe le cruthaitheacht an phobail áitiúil. Mar thoradh ar éileamh ón bpobal, d’oscalaíodh an Ciste arís in 2024. Tháinig aiseolas iontach, tras-phobail, agus thacaigh Cumas Ceantar le réimse leathan imeachtaí – lena n-áirítear filíocht sna scoileanna, ceardlanna ceirmeacha, dhá thaispeántas ealaíne, féile nua filíochta labhartha, ceardlanna tógála báid, imeacht ealaíne trá, oícheanta mic oscailte, imeacht ceoil pobail agus na chéad chéimeanna i gcruthú cosán ceoil tuaithe ar fud na leithinse – i measc nithe eile!

In 2025, thacaigh Cumas Ceantar Uíbh Ráthach le gníomhaíochtaí cruthaitheacha mórthimpeall na leithneise, ag obair le daoine aonair, grúpaí pobail agus le féilte chun rannpháirtíocht agus rochtain ar na healaíona a mheadú agus a neartú. Tríd an Ciste Beag, tugadh tacaíocht do bheagnach 40 ealaíontóir agus tionscnamh pobail, taobh le mór thionscnaimh eile ar nós Tionól, ár ngréasán cruthaitheach míosúil, agus an tionscadal Tochail. Mar aon lena chéile, neartaigh an obair seo rannpháirtíocht sna healaíona, thugadh tacaíocht do chleachtas cruthaitheach áitiúil, agus shaibhríodh saol an phobail ar fud an cheantair. Ina theannta sin, chuir Cumas Ceantar meantóireacht, tacaíocht phraiticiúil agus deiseanna líonraithe ar fáil.

Anois tá foireann Cumas Ceantar ag tógaint ar an obair seo agus ag féachaint chun cinn le díogras agus le misneach ar thograí 2026.

ENGLISH

Community Arts Micro Fund 2026

Building on the success of our previous micro arts fund, Cumas Ceantar are delighted to open a call for the Ciste Beag Ealaíona 2026 which will help create further opportunities for artists, community groups and for individuals to grow their ideas, to develop arts projects and to imagine new opportunities for community integration and connection.

Cumas Ceantar/Creative Places Ciste Beag Ealaíona 2026

This micro fund for the socially engaged arts will support the development and growth of innovative, creative, artistic and cultural community-focused arts projects that support the connection and engagement of the people of Uíbh Ráthach with each other and with their area.

This fund is now open, with a total sum of €20,000 available. Applications can be submitted for a minimum amount of €250 and a maximum amount of €2,000, depending on your needs and ambitions for the work. We reserve the right not to grant funding should applications not fit the brief.

The award will be paid in two parts: 50% at the beginning and 50% upon completion. A report form will be required at the conclusion of the project.

Exceptions to the payment schedule may be made at the discretion of the panel, depending on the nature of the project.

This fund closes for applications on the 27th February 2026.

Who is it for?

In this phase of our Micro Fund, we especially welcome applications from those working with community groups to increase arts activity, cultivate shared experiences, and create meaningful engagement. This fund can support the development of an existing project ready for its next stage or help your community group launch something new—a small event, workshop, or creative activity. It can facilitate collaboration with an artist or creative practitioner, enabling your group to engage with external expertise, access mentorship, and secure essential materials or equipment. Whether your idea is new or building on existing work, your application should clearly outline how this fund will help develop, sustain, and expand it.

Collaborating with a community group is not essential; however, priority will be given to applications that include a community group in the proposal. Applicants must have permission from the community group and provide the name and contact information of a lead contact from the group. And a brief expression of Interest from the Community group.

We also particularly welcome projects that foreground the Irish language.

Who should apply?

This Ciste Beag Ealaíona is for artists, arts activists, social and community groups who live in or work in the Kells to Castlecove catchment area. It is for projects which will happen here, for the benefit of the people of this peninsula. This fund is ideal for emerging or established groups, or for creatives who want to try something new. Community is at the heart of Creative Places so ideas must respond to and involve local people’s input. An expression of interest from a Community group .

How to apply:

1. Read the application form which includes guidelines and the requirements for application.

2. Consider your idea and what you need to realise or develop it.

3. Contact the Project Assistant ealain@comhchoiste.ie if you have any queries regarding this fund.

4. Complete the application form

5. Send completed applications to: ealain@comhchoiste.ie before 5pm 27th February 2025.

The deadline for submission is 5pm, Friday 27th February 2026.

Applications received after this time cannot be considered.


Selection process

Applications will be considered and the selection will be made by a panel of representatives from Creative Places, an artist and a local representative.

About Cumas Ceantar Uíbh Ráthach

The Uíbh Ráthach Gaeltacht and its environs has been awarded a Creative Places award from the Arts Council. The three year developmental programme for socially engaged arts began in January 2024 and will continue until January 2027. Over this period we will be working with local artists and local communities to create a supportive, enriching and self-sustaining arts culture for all the people of the Uíbh Ráthach area.

In 2023, while we were in our Cumas Ceantar R&D phase, we opened the Ciste Beag Ealaíona to create opportunities for local people to grow new ideas and to develop creative projects which could be of benefit to all the people of the peninsula. Following community demand, In 2024 we opened the Fund again. There was a fantastic community-wide response, with Cumas Ceantar ultimately supporting a wide range of events including poetry in schools, ceramic workshops, two art exhibitions, a new spoken word festival, boat building workshops, a beach art event, open mic nights, a community music event and the first steps in a peninsula wide rural music trail - amongst others!

In 2025, Cumas Ceantar Uíbh Ráthach supported creative activity across the Iveragh Peninsula, working with individuals, groups, and Festivals to strengthen participation and access to the arts. Through the Ciste Beag Micro-fund, supported almost 40 artists and community initiatives alongside initiatives such as Tionól our monthly Creative Network and the Tochail project .Collectively, this work strengthened participation in the arts, supported local creative practice and enriched community life across the region. Alongside this Cumas Ceantar provided mentoring, practical support and networking opportunities.

Building on this strong year of delivery and connection, Cumas Ceantar looks forward with enthusiasm to the opportunities and creative possibilities that 2026 will bring.

Ceisteanna Coitianta

An féidir le healaíontóirí aonair iarratas a dhéanamh?
Is féidir! Is féidir le healaíontóirí aonair iarratas a dhéanamh, ach tugtar tosaíocht do ghrúpaí pobail, coistí agus lucht eagraithe imeachtaí.

Cé dó a bhfuil an ciste seo?
Do ghrúpaí pobail, grúpaí deonacha, lucht ealaíne agus lucht eagraithe a bhíonn ag eagrú imeachtaí cultúrtha nó ealaíne in Uíbh Ráthach.

Cén saghas imeachtaí atá incháilithe?
Imeachtaí neamhbhrabúis a bhfuil gnéithe soiléire ealaíonta nó cultúrtha iontu, atá oscailte agus inrochtana do phobal leathan.

Cad is féidir leis an maoiniú a chlúdach?
Táillí ealaíontóirí agus costais ábhar don ócáid.

Cé mhéid is féidir a iarraidh?
Ó €250 go €2,000.

Cathain a chaithfidh an ócáid a bheith ar siúl?
Don bhliain 2026.

Cén spriocdháta iarratais?
Dúnann an ciste ag 5in, Dé hAoine 27ú Feabhra 2026.

Conas iarratas a dhéanamh?

  • Íoslódáil an fhoirm ag uibhrathach.ie/ga/cumas-ceantar

  • Déan teagmháil le Niamh Ní Shé ag ealain@comhchoiste.ie má tá ceisteanna agat

  • Seol d’iarratas roimh an spriocdháta

Frequently Asked Questions

Can individual artists apply?
Yes! Individual artists can apply, but priority is given to community groups, committees, and event organisers.

Who is this fund for?
For community groups, voluntary groups, artists, and organisers of cultural or arts events in Uíbh Ráthach.

What kinds of events are eligible?
Non-profit events with clear artistic or cultural elements that are open and accessible to a wide audience.

What can the funding cover?
Artist fees and material costs for the event.

How much can be requested?
From €250 to €2,000.

When must the event take place?
In 2026.

What is the application deadline?
The fund closes at 5pm, Friday, 27th February 2026.

How to Apply?

. Download the Form at www.cumasceantar.ie

* Contact Niamh O’Shea at ealain@comhchoiste.ie if you have any questions.

*Submit your application before the deadline.