Tá an leathanach seo dátheangach.

Both Irish & English are available on this page.

GAEILGE

Ciste Beag Ealaíon Pobail 2025

Tá stádas Cumas Ceantar bronnta ag an gComhairle Ealaíon ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus an ceantar máguaird, le clár trí bliana d’ealaín phobalbhunaithe idir 2024 agus 2027. Tá sé mar aidhm againn cultúr ealaíne tacúil agus inmharthana a chothú i gcomhar le healaíontóirí agus pobail áitiúla.

I 2023 agus 2024, tugadh tacaíocht do 28 dtionscadal tríd an gCiste Beag Ealaíon. Anois, agus muid ag tógáil ar an rath sin, táimid ag seoladh Ciste Beag Ealaíon Pobail 2025.

Cad é Ciste Beag Ealaíon Pobail?

Is ciste é seo a chuireann deontais bheaga (€250–€1,000) ar fáil do ghrúpaí pobail, eagraíochtaí deonacha, agus lucht eagraithe imeachtaí ealaíon in Uíbh Ráthach atá ag eagrú imeachtaí cultúrtha, ealaíne agus pobail nach bhfuil dírithe ar bhrabús a dhéanamh. Is é an sprioc atá aige ná cabhrú le táillí ealaíontóirí agus ábhair ealaíne a bhaineann leis na himeachtaí seo a mhaoiniú.

Ba mhaith linn tacú le himeachtaí a spreagann rannpháirtíocht, atá oscailte agus a chuireann fáilte roimh pobail éagsúla Uíbh Ráthaigh. Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine ar na himeachtaí, go spreagfaí rannpháirtíocht ag na himeachtaí agus go gcuirfí le taithí agus le taitneamh an phobail ar na healaíona.

Cé dó é?

  • Grúpaí pobail agus eagraíochtaí deonacha atá ag eagrú imeachtaí cultúrtha nó ealaíne pobail in Uíbh Ráthach

  • Lucht eagraithe ealaíon atá ag lorg tacaíocht le táillí na n-ealaíontóirí nó le hábhair a fháil d’imeacht

  • Imeachtaí nua nó seanbhunaithe a bhfuil fócas acu ar rannpháirtíocht phobail tríd na healaíona

  • Tugtar tosaíocht do thograí ina gcuirtear an Ghaeilge chun tosaigh

Tabhair faoi deara: Ní hé sprioc an chiste seo maoiniú a thabhairt do fhéilte nó tionscadail móra nua a sheoladh, ach beimid sásta labhairt le daoine faoi smaointe nua agus cabhrú leo iad a fhorbairt.

Sonraí tábhachtacha:

  • Ní mór don ócáid tarlú in Uíbh Ráthach idir Meán Fómhair 2025 agus Feabhra 2026

  • Ní mór go mbeadh gnéithe soiléire ealaíne nó cultúir san imeacht

  • Ní mór nach mbeadh an tionscadal dírithe ar bhrabús a dhéanamh agus ní mór fianaise a chur ar fáil ar bhainistíocht fhónta airgeadais

  • Ní mór taifeadadh (grianghraif, físeáin) den ócáid a chur ar fáil má iarrtar é

Conas iarratas a dhéanamh:

  • Léigh an fhoirm iarratais agus na treoirlínte go cúramach ag

  • Déan teagmháil le Síomha Brock nó Niamh Ní Shé ag ealain@comhchoiste.ie má tá ceist agat

  • Líon an fhoirm iarratais go hiomlán

  • Seol an fhoirm roimh 5in, Dé Máirt 5ú Lúnasa 2025 chuig ealain@comhchoiste.ie

ENGLISH

Community Arts Micro Fund 2025

The Uíbh Ráthach Gaeltacht and surrounding area has been awarded a Cumas Ceantar | Creative Places award from the Arts Council to develop a vibrant, sustainable arts culture through socially engaged arts from 2024 to 2027.

Following the success of our Micro Arts Fund in 2023–24, which supported 28 arts projects and events across Uíbh Ráthach, we are pleased to launch the Community Arts Micro Fund 2025.

What is the Community Arts Micro Fund?

This fund offers small grants (€250–€1,000) to community groups, voluntary organisations, and arts event organisers in Uíbh Ráthach who are planning not-for-profit arts, cultural, or community events. It is designed to help cover artist fees and materials related to these events.

We want to support events that actively engage participants and are open and welcoming to the diverse communities of Uíbh Ráthach. Events should be accessible to all, encourage participation, and help deepen people’s experience and enjoyment of the arts.

Who should apply?

  • Community or voluntary groups organising cultural or arts-based events or festivals in Uíbh Ráthach

  • Arts organisers looking for support with artist fees or materials for an upcoming event

  • Events can be new or well-established, but must focus on community engagement through the arts

  • Priority given to projects that foreground the Irish language

Please note: This fund is not intended for launching brand-new festivals or large-scale projects, but we encourage those organisers to contact us for guidance and possible future support.

Key details:

  • Events must take place in Uíbh Ráthach between September 2025 and February 2026

  • Events must include clear arts or cultural elements

  • Projects must be not-for-profit and provide evidence of sound financial management

  • Applicants must agree to provide documentation of the event (photos, video) if requested

How to apply:

  • Read the application form and guidelines

  • Contact Síomha Brock or Niamh O Shea at ealain@comhchoiste.ie with any questions

  • Complete and submit the application by 5pm Tuesday 5th August 2025 to ealain@comhchoiste.ie




Ceisteanna Coitianta

An féidir le healaíontóirí aonair iarratas a dhéanamh?
Is féidir! Is féidir le healaíontóirí aonair iarratas a dhéanamh, ach tugtar tosaíocht do ghrúpaí pobail, coistí agus lucht eagraithe imeachtaí.

Cé dó a bhfuil an ciste seo?
Do ghrúpaí pobail, grúpaí deonacha, lucht ealaíne agus lucht eagraithe a bhíonn ag eagrú imeachtaí cultúrtha nó ealaíne in Uíbh Ráthach.

Cén saghas imeachtaí atá incháilithe?
Imeachtaí neamhbhrabúis a bhfuil gnéithe soiléire ealaíonta nó cultúrtha iontu, atá oscailte agus inrochtana do phobal leathan.

Cad is féidir leis an maoiniú a chlúdach?
Táillí ealaíontóirí agus costais ábhar don ócáid.

Cé mhéid is féidir a iarraidh?
Ó €250 go €1,000.

Cathain a chaithfidh an ócáid a bheith ar siúl?
Idir Meán Fómhair 2025 agus Feabhra 2026.

Cén spriocdháta iarratais?
Dúnann an ciste ag 5in, Dé Máirt 5ú Lúnasa 2025.

Frequently Asked Questions

Can individual artists apply?
Yes! Individual artists can apply, but priority is given to community groups, committees, and event organisers.

Who is this fund for?
For community groups, voluntary groups, artists, and organisers of cultural or arts events in Uíbh Ráthach.

What kinds of events are eligible?
Non-profit events with clear artistic or cultural elements that are open and accessible to a wide audience.

What can the funding cover?
Artist fees and material costs for the event.

How much can be requested?
From €250 to €1,000.

When must the event take place?
Between September 2025 and February 2026.

What is the application deadline?
The fund closes at 5pm, Tuesday, 5th August 2025.